Gaeilge

‘’Beatha Teanga í a labhairt’’

 
Is ábhar éigeantach í an Ghaeilge. Déantar staidéar uirthi ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain. Tá áit lárnach ag an teanga Gaeilge in ár scoil. Is cuid dár bhféiniúlacht, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht í an Ghaeilge. Tá sé mar aidhm  ag Roinn na Gaeilge  an Ghaeilge a spreagadh agus a fhorbairt i measc na daltaí. Cuirtear béim ar na scileanna  chumarsáide, éisteachta ,  léitheoireachta agus scríbhneoireachta i ngach rang. Déantar gach iarracht tusicint agus grá a chothú sa teanga i bpobal na scoile. Múintear an teanga trí mhean na Gaeilge agus baintear úsáid as modhanna éagsúla sa rang chun an Ghaeilge a chur chun cinn i slite taitneamhach agus tairbheach.
Turas go dtí an Daingean